An Tiarna Liatroim. Fear de na fir a mharaigh é, bhí sé ar a sheachnadh i dteach athair mór Sheosaimh. Ag caint ar na rudaí a rinne an Tiarna Liatroim – bhí sé ag dul a chur na tionóntaí uilig amach. Mharaigh ceithre fhear é – Mícheál Ó hOireachtaigh agus an Táilliúir Rua san áireamh. Bhí na gunnaí plugáilte le páipéar ó na leabhair scoile. Sin an dóigh a raibh a fhios acu cé a mharaigh é. D’fhéach siad cúpla iarraidh. An dóigh a maraíodh é sa deireadh le butt an ghunna. Níorbh é an Tiarna Liatroim an tiarna talún a bhí i gCluain tSaileach. | 00:06:38 | |